Nuair a bhí an cogadh ag dul ar aghaidh, ní raibh siad ábalta imeacht ach nuair a d’oscail siad suas an imirce arís, d’imigh John go hAlbain in 1943 ag obair feirmeoireachta. Bhí litir de dhíth ón fheirmeoir ag rá go raibh obair ann agus chaitheadh siad taispeáint suas ag stáisiún na ngarda go minic thall. Ní raibh cead acu Oibreacha Poiblí a dhéanamh. Bhí léir de bhunadh Chloich Cheann Fhaola agus Gaoth Dobhair san áit ina raibh sé in Berwickshire. Bhí sé thall thart ar 6 bliana. Bhí am crua ag na mná sa bhaile, bhí an obair uilig le déanamh acu. | 00:04:03 | |